Foghlú curtha i leith lucht agóide na Síochána Glaise

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Chuir na húdaráis sa Rúis foghlú inniu i gcoinne seachtar de lucht agóide na Síochána Glaise a bhí páirteach in agóid d’fhonn stop a chur le druileáil a bhí ar bun bun ag na Rúisigh san Arctach. Thiocfadh dó go ngearrfaí príosúnacht 15 bliain ar an seachtar má chiontaítear iad. Cuireadh na cúiseanna seo i gcoinne seachtar de bhuíon 30 gníomhaí leis an Síocháin Glas a rinne iarracht cur isteach ar an druileáil. Gníomhaithe ón tSualann, ón Fhionlainn, ón Bhreatain agus ón Bhrasaíl atá cúisithe as foghlú. Tá cúiseanna nach bhfuil chomh tromchúiseach céanna le cur i gcoinne na mball eile den ghrúpa.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 12:13:50

Admin/login Comments RSS

ILBF