Féinriail do lucht scarúna na hÚcráine, conradh comhlathais leis an AE do Chív

ealaíona, nuacht, Nuacht24

Ghlac Parlimint na hÚcráine inniu le reachtaíocht a thugann féinriail, nach mór, do chodanna d’oirthear na tíre. Tugtar pardún lena chois do dhaoine a bhí páirteach sa trodaíocht atá ag dul le míonna anuas. Feictear é seo mar bhua mór don Rúis agus do lucht éirí amach in oirthear na hUcráine. Agus san am céanna shínigh an rialtas i gCív conradh comhlathais leis an Aontas Eorpach a threisíonn ar an nasc idir an tír agus an Aontas. Ba é diúltú an iarUachtaráin Viktor Yanukovych chun an comhaontú sin a shíniú a chuir tús leis an trioblóid i gCív anuraidh agus imeacht an Uachtaráin Yanukovych ón tír. Ach cé go bhfuil an conradh sínithe anois tá an chuid de a bhain le saorthradáil curtha ar fionraí go dtí an bhliain 2016 mar gheall ar bhrú ó Vladimir Putin.

Bíodh is go bhfuil na beartais tógáil mhuiníne seo tugtha chun tosaigh ag an dá thaobh meastar nach mbeidh deireadh fós leis an chogaíocht. Tá go leor den lucht éirí amach san Oirthear ar nós cuma liom faoi aon rud a dhéanann an rialtas i gCív. Ba mhaith leo a bheith ag scaradh ar fad ón Úcráin agus rún acu leanúint le bunú stáit nua, Novorossiya.’

Agus cé go bhfuil maolú ar an teannas idir an Rúis agus an Úcráin de réir mar atá toradh le mothú na cainteanna idir an tUachtarán Putin agus an tUachtarán Poroshenko d’fhógair an Rúis inniu go bhfuil siad ag cur lena bhfórsaí armtha sa Chrimé, cuid den Ucráin a ghabh an Rúis ag tús na bliana seo.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-24 07:08:05

Admin/login Comments RSS

ILBF