Faoiseamh ó léigear SI ar Amerli

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Dar le pobal Amerli , an baile i dtuaisceart na hIaráice atá faoi léigear ag an Stát Ioslamach le dhá mhí anuas, go bhfuil an léigear briste agus go bhfuil fórsaí Coirdineacha, mílistigh Shia agus arm na hIaráice i ndiaidh teacht isteach sa bhaile. Ar maidin d’ionsaigh eitleáin cogaidh ag aerfhórsa Mheiriceá agus ag aerfhórsa na hIaráice trodairí an SI faoi chóngar don bhaile. Tamall beag ina dhiaidh thosaigh arm na hIaráice agus na fórsaí leis ag dul isteach sa bhaile, ag troid le trodairí SI feadh an bhealaigh.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-27 17:29:57

Admin/login Comments RSS

ILBF