Eitleán na Malaeisia – ar úsáid paisinéir ar bith a bhfón póca?

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

I measc rudaí eile ta lucht fiosrúcháin ag iarraidh fáil amach ó ghaolta an 239 duine atá ar iarraidh ar cuireadh scairt ar dhuine ar bith acu agus an t-eitleán san aer. Dar le saineolaithe gur deacair fón póca a úsáid san aer, go háirithe dá amhlaidh is airde san aer atá eitleán. Agus dá mba rud é go raibh an t-eitleán fad ar shiúil ó thalamh ba amhlaidh is lú seans go mbeadh glacadh le teachtaireachtaí.

Ach in aois seo na teicneolaíochta nua níl siad ag cur aon rud as an áireamh agus ó tharla go bhfuil blúiríní beaga eolais ag teacht amach diaidh ar ndiaidh níl aon chinnteacht ann go fóill nach bhfuarthas teachtaireacht ó dhuine ar bith den chriú nó ó phaisinéirí.

Cuirfeadh sé leis an teoiric gur tharla rud tubaisteach is tobann dá mba rud é nár chuir éinne de na paisinéirí ná den chriú scairt fóin roimh dul as radharc.

I rith an ama tá an fairsing atá le cuardach don eitleán ag dul i méid. Meastar gur ionann agus méid na hAstráile an fhairsing atá le cuardach i láthair na huaire.

Inniu b’éigean do phéas san Mhalaeisia roinnt gaolta a sreachailt amach as preas ócáid a bhí ar siúil cionn is chomh feargach is atá na gaolta leis an dóigh a bhfuil na húdaráis sa Mhailís ag caitheamh leo.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-28 16:51:58

Admin/login Comments RSS

ILBF