ÉIGSE FHILÍ CHIARRAÍ 2014

ealaíona, nuacht, Nuacht24

ÉIGSE FHILÍ CHIARRAÍ 2014

Óstán Meadowlands, Trá Lí, Co. Chiarraí

3 – 4, Deireadh Fómhair 

 

• AOINE, 3 DEIREADH FÓMHAIR, 8.00 p.m. 

Flora agus Fauna Chiarraí: léacht léirithe le sleamhnáin ar ­éiceolaíocht Chiarraí ó Shéamus Ó Máille, Lios a’ Phúca, Cill Airne.

• SATHARN, 4 DEIREADH FÓMHAIR, 11.30 a.m. 

Maidin chaife, scónaí agus chomhrá ag an Óstán Meadowlands, Trá Lí, le deis a thabhairt do chomhluadar na Gaeilge aithne a chur ar a chéile. An file, gearrscéalaí agus úrscéalaí Mícheál Ó Ruairc, Clochán Bhréanainn agus Baile Átha Cliath, mar aoi.

• SATHARN, 4 DEIREADH FÓMHAIR, 2.30pm – 4.30p.m.

Turas Staire ar cheantar Bhaile Ó Síoda leis an staraí áitiúil Seán Seosamh Ó Conchubhair, gníomhaí Gaeilge agus údar ‘Kilmoyley to the Rescue’. Teacht le chéile ag an Óstán Meadowlands, Páirc na Darach, Trá Lí, ag 2.30p.m. le carranna a roinnt.

• SATHARN, 4 DEIREADH FÓMHAIR, 8.00 p.m. 

Fonn, Fíon agus Filíocht: seolfaidh an t-údar aitheanta Brighid Ní Mhóráin, ‘Dambatheanga’ (Arlen House, 2014) ­cnuasach nua filíochta le Mícheál Ó Ruairc, Ciarraíoch a bhfuil mórán duaiseanna liteartha buaite aige i gcomórtais an Oireachtais. Bhain sé príomh­dhuais an Oireachtais ar ­chnuasach gearrscéalta Daoine a Itheann Daoine (Cló Iar-­Chonnacht, 2010). Léifidh Mícheál as a leabhar filíochta úr.

——◊——

Conradh na Gaeilge a eagraíonn Éigse na bhFilí

i bpáirt le Scríbhneoirí Gaeilge Chiarraí, agus le cúnamh ó Foras na Gaeilge

ar mhaithe le deiseanna caidrimh, comhrá agus comhphlé

a sholáthar do phobal agus scríbhneoirí na Gaeilge araon.

Bígí linn! Labhair í agus mairfidh sí!

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-22 04:40:38

Admin/login Comments RSS

ILBF