Éigniú is crochadh mná eile á fiosrú in India

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Fuarthas corp mná crochta ar chrann i stát Uttar Pradesh i dtuaisceart na hIndia inniu. Is í an ceathrú ban a maraíodh ar an dóigh seo sa stát le mí nó mar sin anuas agus dar le tuairiscithe go bhfuil a gaolta ag cur in iúl gur éigníodh í sular maraíodh í. Tá 200 milliún duine ina gcónaí i stát Uttar Pradesh agus tá a dtromlach mór iontach bocht. Deirtear go raibh is go bhfuil bhfuil cásanna mar seo coitianta go maith ach go minic roimhe seo, gan tuairisciú. Mar gheall áfach ar an fhearg is deistín a lean éigniú is marú mná óg i nDehli dhá bhliain ó shin tá eachtraí mar seo a dtuairisciú anois. Is i mbaile Moradabad a tharla an t-eachtra is déanaí seo. Dúirt Príomh Aire nua na hIndia Narendra Modi, an mhí seo caite go mba cheart go mbeadh cosaint ban ina tosaíocht ag a rialtas nua.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-23 08:14:13

Admin/login Comments RSS

ILBF