Eachtra scaoilte nua sa Fhrainc ar maidin, beirt gortaithe

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Scaoil gunnadóir nó gunnadóirí beirt in eachtra idir Montrouge agus Malakoff ó dheas de Pháras. Tá tuairimíocht ann go bhfuil an eachtra seo ceangailte leis an chuardach do bheirt dhearthair atá ar a seachaint, creidtear, i ndiaidh sléachta an lae inné ag oifigí Charlie Hebdo ach níl aon rud ráite ag péas na Fraince faoin eachtra go fóill. Meastar gur péas agus fostaí de chuid chomhairle an bhaile an bheirt a gortaíodh. Gortaíodh go dona iad. Tá an fear a scaoil an bhanphéas agus fostaí an chomhairle ar maidin ar a sheachaint anois de réir Aire Dlí is Cirt na Fraince, atá díreach i ndiaidh cuairt a thabhairt ar láthair na heachtra.

Aréir agus ar maidin inniu ghabh péas na Fraince seachtar duine lena gceistiú agus iad ag fiosrú eachtra an lae inné. Tá duine den triúr a bhí siad sa tóir orthu, fear óg 18 mbliain d’aois Hamyd Mourad, á cheistiú i ndiaidh dó dul isteach i stáisiún na péas aréir.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-24 14:28:26

Admin/login Comments RSS

ILBF