Dreim le fógra ó ETA i ndiaidh dearbhú iarchimí

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir an ghluaiseacht scarúnach/clé I dTír na mBascach, Abertzale, gur léir do chách anois go bhfuil rialtas na Spáinne ar a seacht ndícheall ag iarraidh cur isteach ar phróiseas síochána. D’éisigh siad ráiteas inniu 24 uair a chloig I ndiaidh do 64 iarchime de chuid ETA maíomh go bhfuil siad ar son modhanna síochána amháin a úsáid chun neamhspleáchas a bhaint amach agus go nglacann siad leis an fhreagracht atá orthu as na drochtorthaí a lean a bpáirtíocht sa chogadh a bhí ar bun ag ETA. Bhí roinnt de na cimí is aitheanta agus is sinsirí ag ETA páirteach san ócáid. Tá dreim le ráiteas ó ETA taobh istigh de roinnt laethanta. Tá brú thar mar a bhí riamh ar rialtas na Spáinne chun aisfhreagra dearfach a thabhairt ar roinnt beartais tógáil muiníne a chuir cimí, iarchimí agus ETA sa tsiúil le tamall anuas, agus go háirithe go mbogfaí ar ais chuig Euzkadi an 500 cime nó mar sin atá I bpríosúin fud na Spáinne agus na Fraince. Ach go dtí seo dhiúltaigh an Spáinn aon rud a athrú agus dar leo go leanfaidh siadar aghaidh ag troid I gcoinne baill ETA is a lucht tacaíochta go dtí go ndéanfar an t-eagras a scor agus a chuid gunnaí a scrios. Thug ceannasaí ar pharlimint reigiúnda I dTír na mBascach, Iñigo Urkullu, le fios inniu go mbeidh sé ag bualadh le Príomh Aire Rajoy na Spáinne ag deireadh na míosa seo chun cur ina luí air gur gá do Maidrid aisfhreagra dearfach a thabhairt ar a bhfuil tite amach le tamall anuas.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-17 15:52:00

Admin/login Comments RSS

ILBF