Dráma Nua le Daltaí Choláiste Feirste

nuacht

Tá Raidió Fáilte i ndiaidh dráma nua a chraoladh a rinne daltaí ó Choláiste Feirste i gcomhar le Compántas Drámaíochta Aisling Ghéar agus Raidió Fáilte. Tháinig dream de 7 dalta ó mheánscoil Ghaeilge Bhéal Feirste le chéile i stiúideo Raidió Fáilte le dráma a thaifead. ‘An Chéad Lá’ ainm an dráma agus tá sé scríofa faoi dalta óg ar a chéad lá sa mheánscoil. Is í Bríd Ó Gallchóir ó Chompántas Drámaíochta Aisling Ghéar a léirigh an dráma. Agus is iad na haisteoirí a bhí páirteach ann ná Lauren McCallan, Ciara Donaghy, Turlough Lavery, Shadia McArdle, Clare Nic Ionnrachtaigh, Aoibhinn Ní Dheoráin agus Ríoghnach Ní Dheoráin.

Tá an dráma le cluinstin ANSEO

One Response to “Dráma Nua le Daltaí Choláiste Feirste”

  1. Colmán Says:

    Is breá liom an dráma seo. Tá sé taifeadta go fíormhaith

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-25 19:55:59

Admin/login Comments RSS

ILBF