Díospóireachtaí faoi Acht Gaeilge

nuacht

Ar an Chéadaoin 25 Feabhra eagróidh Sinn Féin Ollscoil na Banríona diospóireacht faoi Acht na Gaeilge. Beidh an díospóreacht ar siúl san MBC North Lecture Theatre, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste idir 7 agus 9 in. Is é an rún atá ann ná “This House Believes There Should be an Irish Language Act”. Ar son an rúin beidh Fergus Ó hÍr agus an Comhairleoir Niall Ó Donnghaile. In éadan an rúin beidh Basil McCrea Ball Tionól TÉ agus ceannasaí an pháirtí TÉ21 (NI21). Mar Cathaoirleach ar an díospóireacht beidh Tori Watson – ceannasaí nuachta agus cúrsaí reatha Raidió Ollscoil na Banríona. Is sa Bhéarla a reáchtálfar an díospóireacht seo don chuid is mó.

Beidh an díopóireacht seo ag tarlú díreach tar éis cruinniú poiblí faoin ábhar céanna i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich atá an “An Fóram Gnímh” ag eagrú i gcomhar leis i “An Tionól Dearg” http://www.raidiofailte.com/nuacht/cruinniu-poibli-comhairliuchan-ar-acht-na-gaeilge/

Tá an Ghaeilge go mór chun tosaigh i gcúrsaí nuachta an tuaiscirt i láthair na huaire ó d’fhógair an tAire Cultúir don tuaisceart Carál Ní Chuilín i mí Eanáir go gcuirfí tús le próiseas comhairliúcháin faoi Acht Teanga do Thuaisceart na hÉireann. Ó shin i leith tá sé ina chnámh spairne sna meáin chumarsáide idir daoine atá ar son a leithéid d’Acht agus iad siúd a mhaíonn nach bhfuil aon ghá leis.

Gealladh Acht Gaeilge mar chuid de Chomhaontú Chill Rímhinn sa bhliain 2006 ach ó shin i leith tá páirtithe aontachtacha sa tuaisceart ag cur go láidir in éadan a leithéid d’Acht. I mbliana mhaígh polaiteoir sinsearach de chuid an DUP Gregory Campbell nach n-aontódh a pháirtí choiche le hAcht Gaeilge.

Ar an Aoine 27 Feabhra beidh ocáid eile á reáchtáil ag an eagraíocht Pobal in Ollscoil Choláiste Naomh Muire, Bóthar na bhFál, Béal Feirste ina mbeidh na saineolaíthe idirnáisiúnta An tOllamh Robert Dunbar ó Ollscoil Dhún Éideann agus an tOllamh Colin Williams ó Ollscoil Caerdydd ag caint faoi togra fá choinne bille Gaeilge. Le haghaidh tuilleadh eolais gabh i dteagmháil le eolas@pobal.org

Díospóireacht Acht na Gaeilge

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive