Dianchúrsa Traenála Nua Feabhra 2015

nuacht, Sean-sleamhnán

Training Course September 2014Feabhra 2015

Dianchúrsa Traenála i Scileanna Raidió ó Raidió Fáilte
Ar mhaith leat bheith i do craoltóir ar Raidió Fáilte?

Tá Raidió Fáilte ar lorg Gaeilgeoirí cruthaitheacha le páirt a ghlacadh i gcúrsa traenála atá á reáchtáil i gcomhar leis an Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann. Dianchúrsa traenála i scileanna raidió agus craoltóireachta atá i gceist! Foghlaimeoidh tú:

  •  Scileanna láithreoireachta
  •  Scileanna léiriúcháin
  •  Scileanna eagarthóireachta
  •  Scileanna agallaimh
  •  Scileanna taighde agus iriseoireachta

Beidh an cúrsa ag tosú 21 Feabhra 2015. Moltar duit áit a chur in áirithe go luath óir bíonn an-rachairt ar an chúrsa! Ná cailligí an deis!

Gabh i dteagmháil le Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh ar 028 90 310013 nó seol ríomhphost chuig donall@raidiofailte.com  roimh an 18 Feabhra 2015.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive