Dianchúrsa Scileanna Raidió – Feabhra 2017 – láithriú, léiriú & eagarthóireacht

nuacht

Dianchúrsa Traenála i Scileanna Raidió agus Craoltóireachta

An Chéadaoin  08 Feabhra 2017 go dtí An Chéadaoin 01 Márta 2017

Cuir tús leis an bhliain úr le cúrsa nua

Tá Raidió Fáilte ag reáchtáil Dianchúrsa úrnua Traenála i Scileanna Raidió agus Craoltóireachta d’fhonn traenáil a chur ar chraoltóirí nua raidió.

Sa chúrsa seo beidh Raidió Fáilte ag cur ar fáil na scileanna ar fad nach mór a bheith agat le cláir raidió a léiriú, a láithriú agus a chur in eagar.

Beidh an cúrsa ag tosú ar an An Chéadaoin  08 Feabhra 2017 ar 6:00pm agus beidh ceithre sheisiún san iomlán gach Céadaoin idir 6:00-9:00. Beidh an cúrsa ar siúl i stiúideo Raidió Fáilte, i dTeach Uí Churraoin, Ionad an Dá Spuaic, 155 Sráid Northumberland, Béal Feirste.

“Cuireann Raidió Fáilte deiseanna ar fáil do dhaoine idir óg agus aosta tabhairt faoi chláir raidió agus cuirim muid clár cuimsitheach oiliúna ar fáil do phobal na Gaeilge i bhfad agus i gcéin,” a deir Dónall Mac Murchaidh, Oifigeach Traenála Raidió Fáilte, “beidh deis ag traenálaithe tabhairt faoi foghlaim faoi gach gné sa chúrsa seo agus beidh an deis acu a gclár féin a bheith acu ar Raidió Fáilte”.

Deis iontach atá sa chúrsa traenála seo taithí a fháil sna meáin chumarsáide mar láithreoir raidió nó mar iriseoir agus do chlár raidió féin a léiriú ar stáisiún raidió lán-Ghaeilge.

Ag deireadh an chúrsa gheobhaidh gach traenálaí cóip de na cláir a rinne siad ar mhearóg chuimhne mar aon le teastas a rá go bhfuil an cúrsa curtha i gcríoch acu agus gheobhaidh siad an deis a bheith mar chraoltóir ar Raidió Fáilte 107.1FM.

Tá an cúrsa ceannródaíoch seo maonaithe ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann.  Ní mór bheith thart 18 mbiana d’aois le páirt a ghlacadh sa chúrsa. Agus tá costas £20 ann le páirt a ghlacadh ann.

Le háit a fháil ar an chúrsa cheannródaíoch seo gabh i dteagmháil le agus iarr foirm iarratais ar Dhónall Mac Murchaidh ar (028) 90 310013 nó ar donall@raidiofailte.com roimh an Luan 06 Feabhra 2017.

Intensive Course Participants with Trainers 24-02-2016

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive