Dhá heileacaptar leagtha i dtrodaíocht in Oirthear na hÚcráine

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tuairiscítear gur leagadh dá heileacaptar de chuid arm na hÚcráine ag i dtrodaíocht thart ar bhaile Sloviansk in Oirthear na hÚcráine ar maidin. Tharla caismirtí nuair a thug saighdiúirí na hÚcráine faoi ghabháil roinnt de na bacanna bóthair a bhí faoi smacht lucht tacaíochta na Rúise. tá Sloviansk ar na bailte is mó atá faoi smacht lucht tacaíochta na Rúise agus bhí baol ag dul ón tús le hoibríocht ar bith ag arm na Rúise féacháil le gréim a fháil ar na bacanna bóthair. Inné d’fhógair Uachtarán eatramach na hÚcráine, Olexandr Turchynov, go bhfuil siad chun cionscríobh a chur i bhfeidhm sa tír agus iad ag déanamh réidh do ghéarú ar an ghéarchéim in oirthear na hÚcráine.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-24 05:16:09

Admin/login Comments RSS

ILBF