Deireadh seachtaine cultúrtha, cruthaitheach i nGaeltacht nanDéise

ealaíona, nuacht, Nuacht24

RÁITEAS NUACHTA

Deireadh seachtaine cultúrtha, cruthaitheach i nGaeltacht nanDéise

Ag tosnú ar Oíche Chultúir, 19 Meán Fómhair

 

Mar chuid de thogra turasóireachta cultúrtha i nGaeltacht na nDéise (eagraithe ag Comhlucht Forbartha na nDéise), tá pacáiste curtha le chéile do dhaoine gur suim leo deireadh seachtaine a chaitheamh sa Rinn agus sa Sean Phobal, ag tosnú ar an Oíche Chultúir, 19 Meán Fómhair. Tá an pácáiste seo dírithe orthu siúd gur suim leo an cultúr Gaelach, agus é oiriúnach go speisialta do ghrúpaí beaga nó beirt ag roinnt. Beidh lóistín, béilí agus na himeachtaí ar fad eagraithe mar chuid den deireadh seachtaine. Níl Gaeilge riachtanach don deireadh seachtaine, ach go mbeadh daoine báúil leis an teanga. Tá 22 spás ar fáil don deireadh seachtaine, beirt ag cur in áirithe le chéile nó grúpaí níos mó.

Tosnóidh an deireadh seachtaine ar an Aoine, 19 Meán Fómhair le fáiltiú i nDánlann Joan Clancy, atá lonnaithe ar imeall cuan Dhún Garbhán. Beidh taispeántas ealaíne nua á oscailt ag Joan ar an oíche. Beidh ceol traidisiúnta ar an Aoine agus ar an Satharn i dtábhairní áitiúla Tigh an Cheoil agus Tigh Uí Mhuirithe. Beidh siúlóidí treoraithe sa Rinn agus san Aird Mhór mar chuid de na himeachtaí, maraon le turas ar Choláiste na Rinne. Is sa Choláiste a bheidh béile speisialta oíche Shathairn, le bialann ‘pop-up’ curtha le chéile don ócáid. Tá lóistín d’ardchaighdeán mar chuid den phacáiste seo, aitheanta ag Fáilte Ireland. Tá seomraí B&B ar fáil ag Dún Ard (5*), nó Gortnadiha Lodge (4*) (€150 don duine ag roinnt do dhá oíche, leaba agus bricfeasta, lón agus dinnéar ar an Satharn, maraon leis na himeachtaí eile) nó beidh teach ar fáil do ghrúpa d’ochtar (clann, cairde nó grúpa beag) ag tigh feirme Browns (€130 don duine, ag roinnt, féinfhreastal). Is fiú féachaint ar Trip Advisor chun tuairim a fháil faoin trí áit seo d’ardchaighdeán.

Beidh am saor ag daoine chomh maith mar chuid den deireadh seachtaine chun am a thabhairt do dhaoine a slí féin a dhéanamh timpeall ar an gceantar álainn seo. Beidh deis ag daoine folcadáin fheamainne a bhlaiseadh ag Sólás na Mara in Heilbhic, cuairt a thabhairt ar Chriostal na Rinne nó bualadh isteach chuig Tigh Uí Mhuirithe nó John Pauls sa Sean Phobal nó más mian le daoine cuairt a thabhairt ar Dhún Garbhán agus ar an Aird Mhór.

Is féidir eolas a fháil faoin deireadh seachtaine ag www.deise.ie nó glaoch a chur ar 058-46664 nó ríomh-phost a chur go dtí myhandsonevents@gmail.com

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-24 00:53:44

Admin/login Comments RSS

ILBF