Deichniúr marbh in ionsaí Iosraelach ar scoil NA in Rafah, 20+ marbh in ionsaithe eile

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Táthar ag tuairisciú inniu, maidin Domhnaigh, gur mharaigh aer ruathar Iosraelach deichniúr teifeach in ionsaí ar scoil de chuid na Náisiúin Aontaithe in Rafah. Gortaíodh suas le trí scór. Seo an dara ionsaí a rinne Iosrael ar ionad teifeach in Gaza le ceithre lá anuas. Aréir d’adamhaigh arm Iosrael nár ghabh Hamas saighdiúir dá gcuid in Rafah Dé hAoine ar chor ar bith. Ghlac siad leis gur maraíodh é i gcaismirt le trodairí Hamas nó sa threascairt a rinne Iosrael ar an cheantar i ndiaidh na caismirte. Mharaigh siad corradh is 100 duine in Rafah agus sa cheantar maguaird agus leag cuid mhór tithe ‘le nach dtiocfadh le Hamas a saighdiúir a thabhairt amach as an cheantar.’

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive