Dá scairdeitleáin cogaidh de chuid na hÚcráine leagtha faoi chóngar áit ar leagadh MH17

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir rialtas na hÚcraine gur leagadh dá eitleán cogaidh dá gcuid os cionn Savur Mogila in oirthear na hÚcraine, faoi chóngar don áit ar leagadh an eitleán MH17. Tá lucht éirí amach sa cheantar ag cur in iúl go bhfuil piolóta ar eitleán amháin marbh agus go bhfuil siad ag iarraidh teacht ar an phiolóta eile. Chuir rialtas Cív in iúl gur scaoileadh na diúracáin a leag na heitleáin ón Rúis, rud a chuirfidh go mór leis an teannas idir an dá thír.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive