Cúrsa Traenála i Scileanna Raidió Bealtaine 2017

Featured, nuacht

Dianchúrsa Traenála le haghaidh Craoltóirí Nua

An Chéadaoin  24 Bealtaine 2017 go dtí An Chéadaoin 14 Meitheamh 2017

Dianchúrsa úrnua Traenála i Scileanna Raidió agus Craoltóireachta

Tapaigh an deis seo le scileanna úrnua a fhoghlaim tríd an Ghaeilge,  Beidh an cúrsa ag tosú ar an An Chéadaoin  24 Bealtaine 2017 ar 6:00pm agus beidh 4 sheisiún san iomlán ann gach Céadaoin idir 6:00-9:00.

Beidh an cúrsa ar siúl i stiúideo Raidió Fáilte, i dTeach Uí Churraoin, Ionad an Dá Spuaic, 155 Sráid Northumberland, Béal Feirste.

Ag deireadh an chúrsa gheobhaidh gach traenálaí cóip de na cláir a rinne siad ar mhearóg chuimhne mar aon le teastas a rá go bhfuil an cúrsa curtha i gcríoch acu agus gheobhaidh siad an deis a bheith mar chraoltóir ar Raidió Fáilte 107.1FM.

Tá an cúrsa ceannródaíoch seo maonaithe ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann.  Ní mór bheith thart 18 mbiana d’aois le páirt a ghlacadh sa chúrsa agus tá costas £20 ann le páirt a ghlacadh ann.

Le háit a fháil ar an chúrsa cheannródaíoch seo gabh i dteagmháil le Dónall Mac Murchaidh ar (028) 90 310013 nó ar donall@raidiofailte.com roimh 5:00in Luan 22 Bealtaine 2017.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-25 04:11:32

Admin/login Comments RSS

ILBF