Cúlú eacnamaíochta na hEorpa ag dul chun faid

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Chllis ar an Ghearmáin is ar an Fhrainc araon fás go heacnamúil sa dara ceathrú den bhliain seo, rud a dhearbhaíonn arís eile go bhfuil an tAontas Eorpach i bhfad fós ó éalú ón chúlú eacnamaíochta. Tháinig titim 0.2% ar gheilleagar na Gearmáine, níor fhás geilleagar na Fraince agus tháinig laghdú 0.3% ar gheilleagar na hIodáile. Tá tuairimíocht ann gur tamall maith go mbeidh biseach ar an scéal nó tá an cogadh smachtbhannaí idir an Rúis is an tAontas faoi ghnóthaí na hÚcráine ag cur leis an chúlú eacnamaíochta sa dá reigiúin.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive