Cúiseanna curtha i leith iarchuntasóir de chuid na Vatacáine

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá cúiseanna breise curtha inniu i gcoinne duine de na cuntasoirí is airde céime a bhí ag an Vatacáin. Cuireadh i leith Monsignor Nunzio Scarano, atá faoi bhraighdeanas baile ó lár na bliana seo caite, cuireadh ina leith go ndearna sé na milliún euro a sciúradh tríd Banc na Vatacáine. Cuireadh na cúiseanna céanna i leith bheirt dhuine eile. Anuraidh, mar gheall ar chomhoibriú nua idir an Vatacáin agus údaráis na hIodáile a cheadaigh an Pápa Proinsias, cuireadh i leith an Monsignor Scarano go raibh sé i mbun comhcheilge chun €20m a smugláil isteach san Iodáil. An tseachtain seo ghabh na péas luach €6.5m i gcuntais éagsúla agus só-árasán an sagairt in Salerno. Tá comhlacht Mheiriceánach fostaithe ag an Pápa chun iniúchadh a dhéanamh ar gach ceann den 19,000 cuntas atá i mBanc na Vatacáine.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-26 06:30:21

Admin/login Comments RSS

ILBF