CUID MHÓR DE MHEIRICEÁ LAIDINEACH AG DUL I GCOINNE IOSRAEL

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

CUID MHÓR DE MHEIRICEÁ LAIDINEACH CAILLTE AG IOSRAEL

Cé go bhfuil siad ag cur cuma ar an scéal tá Iosrael buartha faoin dochar a rinne a n-ionsaí ar Gaza dá gcaidreamh le cuid mhór de Mheiriceá Laidíneach. Shocraigh an tSlavadór, an Pheiriú, an Bhrasaíl agus Ecuador a nAmbasadóir a thabhairt abhaile agus tá an Bhrasaíl, an Airgintín, an Veiniséala, an Paragua agus an Uragua, i ndiaidh a chur ar ceal cainteanna faoi chonarthaí SaorTradála. Cháin Evo Morales, Uachtarán na Boilaive, cháin sé Iosrael go trean agus thug ‘stát sceimhle’ uirthi. Chuir sé deireadh le córas atá ann ó 1972 a ligeann do Iosraelaigh teacht chuig an tír gan víosa. Tá cumhacht mhór eacnamaíochta i gceist agus tá na rialtais seo ionadaíocht do na céadta milliún duine.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-20 08:00:44

Admin/login Comments RSS

ILBF