Cruinniú Poiblí: Comhairliúchán ar Acht na Gaeilge

nuacht

Beidh “An Fóram Gnímh” i gcomhar leis i “An Tionól Dearg” ag reáchtáil cruinniú poiblí maidir le Comhairliúchán ar Acht na Gaeilge sa tuaisceart. Beidh an cruinniú ar siúl i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich 216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste idir 17:30 agus 19:00 ar an Chéadaoin 25 Feabhra 2015.

Ar an Mháirt 13 Eanáir D’fhógair an tAire Cultúir Carál Ní Chuilín go gcuirfí tús le próiseas comhairliúcháin ar Acht Teanga do Thuaisceart na hÉireann. Ó shin i leith tá sé ina chnámh spairne sna meáin chumarsáide idir daoine atá ar son a leithéid d’Acht agus iad siúd a mhaíonn nach bhfuil aon ghá leis.

Gealladh Acht Gaeilge mar chuid de Chomhaontú Chill Rímhinn sa bhliain 2006 ach ó shin i leith tá páirtithe aontachtacha sa tuaisceart ag cur go láidir in éadan a leithéid d’Acht. I mbliana mhaígh polaiteoir sinsearach de chuid an DUP Gregory Campbell nach n-aontódh a pháirtí choiche le hAcht Gaeilge.

Foram Gnimh

 

 

 

 

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive