Corradh is 191,000 duine marbh i gcogadh na Siria

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir Coimisinéir Chearta Daonna na Náisiúin Aontaithe, Navi Pillay, go measann siad anois gur maraíodh os cionn 191,000 duine i gcogadh na Siria. Áiríonn an figiúir sin an líon marbh go dtí mí Aibreáin na bliana seo. Is ionann seo agus dá oiread an líon a d’fhoilsigh na Náisiúin Aontaithe anuraidh.  Cháin Navi Pillay neamhghníomh an phobail idirnáisiúnta, rud a chumhachtaigh lucht céasta agus marfóirí na Siria dar léi.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-17 12:56:03

Admin/login Comments RSS

ILBF