Conradh do Iris Stíl Mhaireachtála Ar Líne

ealaíona, nuacht, Nuacht24

 

Preaseisiúint 25/07/14

 

Conradh do Iris Stíl Mhaireachtála Ar Líne

 

Ag cruinniú Bhord Fhoras na Gaeilge inniu fógraíodh gurb é an comhlacht Rua Media a bhain an conradh chun Iris Stíl Mhaireachtála Ar Líne lán-Ghaeilge a chur ar fáil.

 

Rua Media lonnaithe i mBéal Feirste agus tá taithí fhairsing ag an chomhlacht in earnáil na foilseoireachta, ina measc mar fhoilsitheoirí na hirise NÓS a ghnóthaigh gradam Foireann Deartha na Blianaag an 2013 Irish Magazine Awards.

Beidh an iris ar líne nua seo dírithe ar ábhair chomhaimseartha agus ar chúrsaí ginearálta an tsaoil a sholáthar do phobal na Gaeilge agus i measc téamaí ábhair a chlúdófar beidh: Cultúr an Iomráiteachais; Sláinte agus Cúrsaí Daonna; Siamsaíocht; Spóirt agus Fóillíocht.

Is é Tomaí Ó Conghaile a bheidh ina eagarthóir ar an iris ar líne nua seo.

 

Beidh Foras na Gaeilge anois ag aontú conradh trí bliana de luach €206,400 le Rua Media leis an iris stíl mhaireachtála ar líne a sholáthar go míosúil agus saor ó tháille. Cuirfear tús anois leis an obair ullmhúcháin chun an iris ar líne seo a sholáthar faoi dheireadh an Fhómhair agus beidh Rua Media ag scaipeadh níos mó sonraí faoi shocruithe an chéad eagrán thar na seachtainí romhainn.

 

“An aidhm a bhí againn leis an chomórtas poiblí seo ná pobal léitheoireachta na Gaeilge a forbairt agus a chothú trí fhoilseachán ar líne a bheas dírithe ar iriseoireacht éadrom a chur ar fáil go míosúil do phobal na Gaeilge agus í ag teacht le formaid irisí stíl mhaireachtála eile. Tá muid ag dúil go mór leis an fhoilseachán nuálaíoch ceannródaíoch a fhorbróidh Rua Media faoin scéim áirithe seo”, a deir Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-09-20 22:38:19

Admin/login Comments RSS

ILBF