Comhaontú faoin Úcráin faoin Aoine – Vladimir Putin

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

I ndiaidh dó a bheith ag caint le hUachtarán na hÚcráine, Petro Poroshenko, ar an fón dúirt an tUachtarán Putin go bhfuil siad aontaithe ar phróiseas sos cogaidh agus go bhfuil sé muinín go mbeidh comhréiteach ann faoin Aoine. Dar leis nach bhfuil mórán d’easaontú anois idir é féin is an tUachtarán Poroshenko faoin cheist anois agus mhol sé do gach taobh éirí as an trodaíocht. Agus é ag caint i dTaillinn na hEastóine ar chuairt thar a bheith gasta ar na Poblachtaí Baltacha gheall Barack Obama nach gcaillfeadh an Eastóin a neamhspleáchas arís agus go seasfadh ECAT leo dá mbeadh bagairt ann. D’éiligh sé arís eile ar an Rúis éirí as a bheith ‘ag cur a ladhair’ i gcúrsaí na hÚcráine agus gheall a thacaíocht don rialtas i gCív.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-22 15:48:16

Admin/login Comments RSS

ILBF