Comhairle na Náisiúin Aontaithe chun ‘ionradh na Rúise’ ar an Úcráin a phlé

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Buailfidh Comhairle Slándála na Náisiúin Aontaithe le chéile oíche Chéadaoine chun a phlé líomhaintí ECAT go bhfuil an Rúis i ndiaidh saighdiúirí, airm agus córas diúracáin a chur isteach san Úcráin an tseachtain seo. Séanann an Rúis don dearbhú, cé go n-admhaíonn trodairí frithrialtais in oirthear na tíre go bhfuil Rúisigh ag cuidiú leo ‘ar bhonn deonach.’ Tá sos cogaidh i bhfeidhm i gcodanna d’oirthear na hÚcráine ach tá trodaíocht dian ann go fóill thart ar Donetsk, áit ar maraíodh roinnt daoine in ionsaithe inniu.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-25 17:06:37

Admin/login Comments RSS

ILBF