Coirpigh, ceol, cluichí agus comhluadar – sceideal an Fhómhair ar TG4

ealaíona, nuacht, Nuacht24

 

Iontas na nIontas’

 

Coirpigh, ceol, cluichí agus comhluadar

 

Sceideal an Fhómhair seolta ag TG4

 

Tá siamsaíocht, stair, spórt agus spraoi ar fáil go flúirseach i gclársceideal nua TG4 de réir an eolais atá foilsithe ag an gcainéal lena Sheoladh Fómhair inniu. Ar na gnéithe is tarraingtí ann tá léargas nuálach ar ghnéithe rúnda agus folaithe de shaol na hÉireann, beochraoladh eisiach ar na cluichí Gaelacha, rogha iontach ábhair do dhaoine óga agus seirbhís nuachta agus cúrsaí reatha atá éagsúil agus géarchúiseach.

Ar na buaicphointí sa sceideal nua tá:

 

  • An Bronntanas: Sraith-dhráma nua-léirithe Gaeilge, scéinséir comhaimseartha suite i gConamara faoi chriú bhád tarrthála i gConamara a thagann ar lastas luachmhar de dhrugaí mídhleathacha. Ligtear i gcathú iad agus is dóibh is measa nuair a thugann siad leo é.

 

  • Corp + Anam: Séasúr nua-léirithe den sraith-dhráma dorchaa nochtann léargas géarchúiseach ar an saol in Éirinn mar atá, seachas mar ba mhaith linn é a bheith. Is breá leis an tuairisceoir coiriúlachta Cathal Mac Iarnáin camastaíl agus mí-iompar sa gcóras dlí agus cirt a thabhairt chun solais ach tá a shaol pearsanta in aimhréidh agus é ag tarraingt fórsaí cumhtachachasa mullach air féin.

 

  • Cogar: Séasúr nua de na cláir faisnéise is fearr in Éirinn ina dtugtar léargas as an nua ar scéal nó ar dhaoine. Tráchtfar ar chorp a tháinig i dtír in Inis Oírr na blianta ó shin nár aithníodh riamh, ar an bhfuacht a reoigh an tír i 1947, ar an bhforéigin teaghlaigh in aghaidh na mban agus ar chineál ar leith aráin nach bhfuil fáil air ach sna Déise.

 

  • Feirm: Sraith nua a thugann léargas ón taobh istigh ar an talmhaíocht in Éirinn faoi láthair agus ar mhór-iarracht na hearnála seo í féin a fheistiú don am atá le teacht.

 

  • Ros na Rún: An sobal teilifíse is daonna agus is dúchasaí in Éirinn. Tá an meon tíriúil sin agus an greann i gcroílár an dráma agus é nádúrtha dá réir. Ar na snátha scéil an séasúr seo, beidh Lee and Jason ag cur tús lena saol nua le chéile ach tuilleadh driseacha ina gcosáin fós, Máire agus Peadar i ngleic le faisnéis nua a chroithfidh go smior iad, Tadhg ina ábhar fiosraithe ag strainséir amhrasach, Cathal ag teacht chuige féin ón mbrón agus Mack idir dhá chomhairle faoina chuid mí-iompair féin.

 

  • Bosca Ceoil: Sraith úr-nua de scoth an cheoil thraidisiúnta agus físiúlacht spreagúil ann á chur i láthair ó theach ceoil Monroe’s i gcathair na Gaillimhe ag an amhránaí Pauline Scanlon.

 

  • Anamnocht: Cláir faisnéise substaintiúla uair an chloig léirithe ar ardchaighdeán a thugann léargas taibhsiúil dúinn ar phearsain, ar ghluaiseachtaí nó ar áiteanna, ina measc stailc fhada chonspóideach Dunnes Stores i 1988 in aghaidh na cine-dheighilte, stair achrannach an mheabhair-ghalair in Éirinn agus saol faoi thalamh na gConallach a shaothraíonn sna tolláin mhóra sa mBreatain.
  • An Jig Gig: Scoth-dhamhsóirí sa tóir ar an duais – ach na moltóirí sách cantalach leo uaireanta.
  • Spillane an Fánaí: An Corcaíoch ceolmhar ar aistear cumadóireachta – cuirfidh sé faoi i mbaile beag ar feadh seachtaine, féachaint an dtig leis amhrán nua a cheapadh a dhéanfaidh cuimsiú agus ceiliúradh cuí ar chroí agus ar anam na háite.
  • I mBarr do Shláinte: Eolas, comhairle agus moltaí ó shaineolaithe leighis ar na haicídí is coitianta agus is marfaí in Éirinn.
  • Béaloideas Beo: Sraith úr-nua, ina nochtfar an oidhreacht shaibhir agus an raon iontach ilghnéitheach béaloideasa agus nósmhaireachtaí eile atá folaithe i saol an lae inniu agus beo bláfar san aonú aois is fiche.
  • Dialanna óngCogadh Mór: An tsúil eile á caitheamh ar cheiliúradh an chéid le fianaise dhíreach na ndaoine a ghlac páirt sa gcogaíocht féin – ar an dá thaobh – nó a mhair lena linnagus a bhreac síos ar an lá céard a tharla agus mar a mhothaigh siad faoi.

 

  • An Lá a rugadh mé: Pearsa aitheanta sa tóir ar eolas faoi imeachtaí an domhain mhóir agus na tíre seo, an lá ar saolaíodh é/í féin.
  • Laochra Gael: Cuimhní agus ómós do chuid de na himreoirí is fearr le tríocha bliain, ina measc Brendan Cummins (Tiobraid Árann), Barney Rock (Áth Cliath), Niamh Kindlon (Muineachán), Ogie Moran (Ciarraí), Jamesie O’Connor (An Clár) and Liam McHale (Maigh Eo).
  • GAA Beo: Beochraoladh eisiachgach deireadh seachtaine ar Chluichí Ceannais na hÉireann, Mionúir, Faoi 21, Craobhacha TG4 i bPeil na mBan, an Cluiche Peile faoi Rialacha Idirnáisiúnta, Cluichí Ceannais, Craobh Club AIB agus Sraitheanna Náisiúnta Allianz.
  • Imeall:Séasúr nua den tsraith sheachtainiúil ar shaol na n-ealaíon agus an chultúir, léirmheasanna agus tuairiscí agus ardán d’ealaíontóirí agus iad i mbun cruthaíochta idir fhís, fhocal agus eile i gcuideachtaTristan Rosenstock.

 

  • Rugbaí Beo: Beochraoladh eisiach ar chluichí sa gcomórtas nua sraithe an Guinness Pro 12.
  • Ó Tholg go Tolg: Beirt bhan mhisniúla as Éirinn ag dul soir ó thuaidh go Muir Bhailt, gan de lóistín socraithe rompu i ngach cathair faoi bhealach ach coinne le strainséir.

 

  • Daoine Óga: Cúla4 na nÓg - an zón laethúil do pháistí réamhscoile ag am bricfeasta agus tar éis lóin ina mbeidh an tsraith úrnua pupadóireachta Saol faoi Shráid.

 

 

  • Cúla4: Seirbhís shainiúil laethúil na bpáistí scoile an zón laethúil do dhéagóirí ina bhfuil sraitheanna cáiliúla drámaíochta, réilifís go leor, léirmheasanna agus comórtais, á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill agus Colmán Mac Séalaigh.
  • Nuacht TG4: Súil ar leith ar scéalta réigiúnacha, áitiúla agus daonna. Déantar clúdach ar leith ó chósta an iarthair, ar an nGaeltacht agus ar phobal na Gaeilge ar fud na tíre agus níos faide ó bhaile. Is í an duais-chraoltóir Eimear Ní Chonaola an t-ancaire.
  • Fíorscéal:Tuilleadh clár faisnéise a thugann aghaidh go fuarchúiseach ar mhórcheisteanna idirnáisiúnta trí shúile na léiritheoirí teilifíse is misniúla agus is conspóidí ar domhan, le rogha clár faisnéise ón iasacht le athghuthú Gaeilge.
  • Róisín: Séasúr nua den chlár cainte agus plé ina bhfuil Róisín Ní Eadhra agus a haíonna agus iad i mbun anailíse ar cheisteanna teaghlaigh, oideachais agus sláinte, ó chian is ó chóngar.
  • Opry an Iúir: Réaltaí móra an cheoil tíre in Éirinn i mbun coirme. Beidh an rí féin, Daniel O’Donnell ag cabhrú leo arís i mbliana.
  • Comhrá: Daoine aitheanta agus neamhaitheanta ag nochtadh a gcroí agus scéal a mbeatha do Mháirtín Tom Sheáinín. Craoltóirí, ollúna, filí, feachtasóirí agus sagairt i measc an chomhluadair a bheidh aige an séasúr seo agus is mar an chéile do Mháirtín cén gradam atá acu.
  • Is féidir ábhar TG4 a fháil anois, aon am, aon áit ar domhan. Seoladh Aipeanna nua na seirbhíse do theilifíseáin chliste le gairid, a fhágann go bhfuil siad ag na mór-dhéantúsóirí uile anois, tá feabhas agus uasdátú déanta freisin ar Sheinnteoir TG4 atá ar fáil ó aon bhrabhsálaí ar tg4.tv agus tá leagan feabhsaithe den Seinnteoir freisin anois ar fáil ar iPad.

 

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-24 05:44:41

Admin/login Comments RSS

ILBF