Coirp ina luí ar na sráideanna, na scórtha marbh, 400+ gortaithe in oll-ionsaí Iosrael ar cheantar Shujayea

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Maraíodh na scórtha Palaistíneach aréir san ionsaí is mó a rinne arm Iosrael ar Gaza le blianta. Thug Mahmoud Abbas, Uachtarán ar an Údarás Palaistíneach ‘sleacht is slad’ ar an eachtra. D’aontaigh Hamas is arm Iosrael ar maidin d’iarratas ón Chrios Dearg Idirnáisiúnta do shos cogaidh dhá uair a chloig chun coirp atá ina luí ar na sráideanna feadh na hoíche, a thabhairt ar shiúil. Dhírigh arm, cabhlach is aerfhórsa ar aon cheantar amháin, mórcheantar Shujaiya. Bhí coirp páistí is daoine fásta fágtha ina luí ar na sráideanna, áit ar thit siad faoi foscadh foirgnimh, rud a bhí le feiceáil i bhfíseán a chraol an cainéal nuachta Al Jazeera English ar maidin. Dar leo nárbh fhéidir tuilleadh den scannán a chraoladh cionn is a deistíní is a bhí na radharcanna ann. Dúirt oifigeach le harm Iosrael inniu gur tugadh rabhadh do dhaoine sa cheantar imeacht óna dtithe dhá lá ó shin agus go raibh an locht ar Hamas, a chomhairligh dóibh neamhiontas a dhénamh den rabhadh, gur orthu a bhí an locht as an líon marbh. Dar le hiriseoirí is féinnithe eile súl gur thit sliogán gach cúig soicind ag an am is fíochmhaire an ionsaí airtléire ar an cheantar. Meastar gur sin an t-am a maraíodh go leor sibhialtach sa cheantar. Lena chois chuaigh tancanna Iosrael isteach sa cheantar. Tá Palaistínigh ag maíomh go ndearnadh sléacht ar shibhialtaigh agus dar le tuairisc ar an Jerusalem Post ar maidin gur dúirt oifigeach Iosraelach gur ‘baineadh na miotóga aréir’ agus gur seans go mbeadh athrú ar ‘chúrsaí taidhleoireachta’ mar gheall ar ar tharla. Bhí an iriseoir Khaled Hammad agus an fear otharchairr Fuad Jaber ar na mairbh. Meastar gur maraíodh iad in ionsaí a rinne tanc Iosraelach orthu agus iad ag iarraidh daoine gortaithe a shabháil.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive