CnaG faoin phróiséas comhairliúcháin

nuacht

CnaGÁbhar breá dóchais í rannpháirtíocht an phobail sa chomhairliúchán ar Bhille na Gaeilge

Tháinig deireadh leis an phróiseas comhairliúchán ar Bhille na Gaeilge inniu tar éis 12 seachtain de phlé agus de dhíospóireacht ar na hábhair a cuireadh faoi bhráid an phobail i mí na Feabhra. Ag teacht sna salaí ar dhá phróiseas den chineál chéanna i 2006 and 2007, sheol an tAire Cultúir, Ealaín agus Folaíochta, Carál Ní Chuilín, dréacht-cháipéis Bille ar lorg moltaí agus aighneachtaí bunaithe ar cheist na Gaeilge agus an cineál reachtaíochta a bhí de dhíth ar phobal na Gaeilge. D’eascair Conradh na Gaeilge cruinnithe agus fóraim ghnímh le tuairimí an phobail a nochtadh agus le rannpháirtíocht na ngrúpaí Gaeilge, agus pobal na Gaeilge, a ardú agus a spreagadh. Tá na mílte aighneachtaí seolta chuig RCEF agus bhronn Conradh na Gaeilge na mílte breise ar an Aire Ní Chuilín tráthnóna inniu i mBéal Feirste.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Cóilín Ó Cearbhaill: “Tá na mílte aighneachtaí bailithe agus éascaithe ag Conradh na Gaeilge i rith na tréimhse comhairliúcháin seo. Taispeánann líon na bhfreagraí seo ar son reachtaíochta teanga go bhfuil éileamh ollmhór ann ar son Acht na Gaeilge. Tacaíonn rannpháirtíocht an phobail go mór leis na comhairliúcháin a rinneadh in 2006 agus 2007 agus léiríonn seo gur éileamh leanúnach dearfach é. Tá an reachtaíocht teanga cheanna i bhfeidhm in Albain agus sa Bhreatain Bheag le blianta agus tá sé thar am go bhfuil an cothromas agus an comhionannas i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann fosta”.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Cosanta Teanga agus Ionadaíochta ó thuaidh: “Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine, a deir siad, agus is léiriú iontach eile é líon freagraí an chomhairliúcháin seo ar mhéid, ar dhíograis agus ar rannpháirtíocht an phobail, idir pobal na Gaeilge agus na pobail eile nach é, a thuigeann an luach agus an tábhacht a bhaineann le reachtaíocht teanga ó thuaidh. Fríd feachtais idirlín, foirmeacha freagraí, comhoibriú le grúpaí agus eagraíochtaí Gaeilge, agus fríd obair iontach i measc daoine óga, d’éirigh linn ceist na Gaeilge a ardú arís ina ceist comhionannais. Tá an t-am ann anois don Rialtas éisteacht leis an phobal, agus bheith ag gníomhú ar na riachtanais atá acu. Níl anseo ach an tús”.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive