Cistí infheistíochta idirnáisiúnta ag athmhachnamh faoi cheangal le háitritheoirí Iosraelacha

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

D’fhógair rialtas na hIorua inné go bhfuil siad chun dá chomhlacht Iosraelach a chosc ó bheith ag infheistiú sa Chiste Infheistíochatá ag an Iorua chun brabach a dhéanamh ó sochmhainní ola is gais na tíre. Thug an Roinn Airgeadais in Oslo le fios go bhfuil siad ag glacadh le comhairle ó Chomhairle Eiticí na tíre  gan gnó a dhéanamh leis na comhlachtaí cionn is go raibh siad páirteach in imeachtaí a sháraíonn cearta daonna trí tógáil áitrimh Iosraelacha in Oirthear Iarúsleim. An mhí seo caite shocraigh an Ciste Infheistíoichta Pinsin is mó san Isíltír éiri as infheistiú sa cúig bhanc is mó in Iosrael cionn is go maoiníonn siad áitrimh Iosraelacha nó cionn is go bhfuil craobhacha acu sna Tíortha Gafa. Tá Comhaireacht Iosrael iontach buartha anois faoin dlús atá faoin fheachtas baghcat idirnáisiúnta agus iad ag iarraidh pacáiste $28.5m a aontú le cur i gcoinne an fheachtais. Dar le foinsí nuachta in Iosrael tosóidh siad ag cur an dlí le go bhfaighfeadh siad cúiteamh airgid as an dochar a dhéanann grúpaí a mholann baghcat do ghnóithe Iosraelacha agus go beidh siad ag baint úsáid as modhanna éagsúla chun cur isteach ar cheannairí ghluaiseacht an bhagchait.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-27 18:41:17

Admin/login Comments RSS

ILBF