Ciontaíonn cúirt na hÉigipte iriseoir eile de chuid Al Jazeera

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Cé nach raibh sé i láthair dhaoraigh cúirt i gCaireo láithreoir teilifíse de chuid Al Jazeera, Ahmed Mansour, go príosún faoi choinne 15 bliain as ‘céasadh dlídóra’ le linn Éirí Amach Chearnóg Tahrir in 2011. Shéan Ahmed Mansour don chúis agus d’imigh sé ón tír le nach gcuirfí faoi thriail é. Cuireadh triúr iriseoir eile de chuid Al Jazeera, Baher Mohamed, Peter Greste agus Mohamed Fahmy, go príosún go gceann tréimhse fhada i mí Mheithimh na bliana seo as cúiseanna a bhain le smachtú Junta na hÉigipte ar léirsitheoirí an Bhraithreachais Moslamaigh anuraidh. Shéan siad do na cúiseanna agus tá feachtas idirnáisiúnta ag dul ó shin chun go saorófaí na hiriseoirí mar aon le hiriseoirí eile agus na mílte duine eile a cuireadh faoi ghlas mar chuid d’iarrachtaí arm na hÉigipte chun easaontóirí a smachtú.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-20 21:01:53

Admin/login Comments RSS

ILBF