Ciarraí i gcoinne Thír Chonaill sa dá chluiche ceannais

nuacht, Nuacht24, spórt

Deir Jim Mc Guinness gur chloígh imreoirí s’aige go huile is go hiomlán leis an phlean a bhí leagtha amach don chluiche. Dar leis go raibh spiorad ar leith san fhoireann agus gur imir siad peil go fíormhaith agus le scíl. Bhí na Conallaigh faoi luí na bíse sa chéad 23 bomaite den chluiche (AC 0-8) (TC 0-3) ach nuair a shábháil Durcan iarracht cúil ó Diarmuid Connolly ba gheall le pointe athruithe é. Diaidh ar ndiaidh d’éirigh leo teacht ar ais agus faoi leathama bhí Átha Cliath ar chúl 0-10 don 1-13 ag Tír Chonaill. Ryan Mc Hugh a scóráil an cúl do na Conallaigh agus sa dara leath scoráil Mc Hugh an dara cúl agus drochádh air gan an tríú ceann a scoráil. Scoráil Colm M Fadden cúl eile do na Conallaigh ar 47 bomaite agus bhí na Conallaigh ar 3-10 agus Átha Cliath ar 0-12. Agus an líne chosanta clúiteach Conallach ag obair go seoigh. D’éirigh leo na Bleáchliathaigh a chiapadh is a bhrú is a chur ó imirt mar a ba mhaith leo agus go fiú nuair a bhí seans ag Átha  Cliath ba mhinice ar fad a chuir siad amú an tseans ná gur socráil siad. Bua ag Jim Mc Guinness agus a fhoireann ar deireadh beag beann ar lucht tuartha díomua. Casfaidh siad ar Chiarraí sa chluiche ceannaissinsir  agus casfaidh an fhoireann mionúr Conallach ar fhoireann Chiarraí ar an lá céanna.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive