Cheadaigh Iosrael níos mó tithe in áitrimh i naoi mí na gcainteanna ná riamh roimhe

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Cheadaigh Iosrael níos mó tithe in áitrimh sna Tíortha Gafa i naoi mí na gcainteanna síochána le Mahmoud Abbas ná in aon tréimhse naoi mí nuair a bhí Benjamin Netenyahu i gcumhacht roimhe seo dar le Peace Now, grúpa Iosraelach atá ag brú ar son chomhaontú síochána leis na Palaistínigh. Thug an grúpa le fios ar maidin gur cuireadh chun cinn plean do tuairim is 14,000 teach in áitrimh sa naoi mí atá imithe, an líon is mó a ceadaíodh riamh i dtréimhse naoi mí. Is ionann seo, dar le Peace Now, agus 50 teach nua sa lá. Tá deireadh oifigiúil inniu leis an thréimhse chainte idir Iosrael agus an tÚdarás Palaistíneach agus cé gur thug an dá thaobh agus Meiriceá le fios gur mhaith leo go leanfaí leis na cainteanna níl dreim le síneadh ama do chainteanna. Tá an tÚdarás Palaistíneach ag brú ar aghaidh anois lena n-iarratas ar bhallraíocht in eagrais idirnáisiúnta agus eagrais de chuid na Náisiúin Aontaithe. Dar le Mahmoud Abbas go bhfuil siad ag iarraidh a bheith ag feidhmiú i ndomhan atá faoi riail an dlí idirnáisiúnta seachas faoi riail Iosrael. Deir Benjamin Netenyahu, Príomh Aire Iosrael, go bhfuil Mahmoud Abbas i ndiaidh a roghnú comhghuaillaíocht le Hamas, lucht sceimhle dar leis, de rogha ar lucht síochána, Iosrael, dar leis.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-28 16:54:13

Admin/login Comments RSS

ILBF