Charlie Hebdo chun foilsiú Dé Céadaoine seo chugainn – le rith milliún cóip seachas an gnáth 60,000

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Ní bheidh ann ach 8 leathanach seachas an 16 leathanach a bhíodh acu de ghnáth ach cuirfear an iris Charlie Hebdo i gcló Dé Céadaoine seo chugainn. Tá seirbhísí nuachta fud na Fraince, Canal+, Libération agus Le Monde i measc dreamanna eile chun a gcuid áiseanna is cabhrach a chur ar fáil chun go bhfoilseofaí an eagrán speisialta seo. Dar le dlíodóir na hirise, Richard Malka, go mbeidh siad ag cur milliún cóip i gcló. Bhí na mílte síoraí páirteach inniu in ócáidí fud na Fraince chun comóradh orthu sin a maraíodh fad is go bhfuil an chuardach don bheirt dhearthair, a síltear a bheith freagrach as na hionsaithe, a bheith ag dul ar aghaidh. Tugadh le fios tráthnóna gur péas faoi oiliúint a ba í an banphéas a maraíodh i ndeisceart Pháras ar maidin. Tá scuabitheoir sráide go dona tinn i ndiaidh na heachtra.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-20 22:29:38

Admin/login Comments RSS

ILBF