Charles Manson chun pósadh

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá duine de na coirpigh is iomráití i Meiriceá, Charles Manson, chun pósadh ar bhean atá i mbun feachtais le naoi  mbliain chun a chruthú go raibh sé neamhchiontach as na coireanna a cuireadh ina leith. Gearradh pionós an bháis ar Mhanson i dtús nuair a ciontaíodh é in 1971  as marú cúigear, bean Roman Polanski, Sharon Tate,  san áireamh,  agus as dúnmharú bheirt eile an oíche dár gceann. Ach cuireadh an pionós báis ar ceal agus gearradh príosúnacht saoil air. Tá sé faoi ghlas ó shin agus gan cead aige parúl a lorg roimh 2027. Tá roinnt daoine eile a bhí páirteach leis sna maruithe, Muintir Manson mar a thugtaí orthu, faoi ghlas i gcónaí. Tá Charles Manson chun pósadh ar Afton Elaine Burton, (26) am éigin idir seo agus mí Feabhra seo chugainn i bpríosún Corcoran.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive