Ceathrar marbh i bpléascán i mBeirut

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá ceathrar ar a laghad marbh agus breis is scor gortaithe i ndiaidh do charrbhuama pléascadh ar maidin inniu i gceantar a bhfuil an grúpa Hezbollah in uachtar ann. Ba é an t-ionsaí a ba dhéanaí ar cheantracha mar a bhfuil lucht tacaíochta láidir ag Hezbollah. Bhí tuairim ann gurb iad grúpaí Sunni, atá ar buile faoi Hezbollah a bheith ag taobhú le fórsaí Bashar al Assad san Siria a bhí freagrach as bunús na n-ionsaithe cé go bhfuil tuairim ann go raibh lámh ag Iosrael i roinnt de na hionsaithe.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-18 08:03:35

Admin/login Comments RSS

ILBF