Ceathrar Iosraelach, beirt Phalaistíneach marbh i ndiaidh ionsaí ar sionagóg in Iarúsailéim

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

 

Tá beirt ionsaitheoir Palaistíneach mar aon le ceathrar Iosraelach a bhí i mbun úrnaí i sionagóg in Iarúsléim marbh i ndiaidh ionsaí go luath ar maidin inniu. Tuigtear gur bhain na hionsaitheoirí úsáid as tua, scian agus gunnán agus go bhfuil beirt eachtrannach, Meiriceánach agus Sasanach, orthu sin a maraíodh nó a gortaíodh san ionsaí. Tuigtear gur as ceantar Jabel Mukaber don bheirt a rinne an t-ionsaí, beirt chol ceathrar, Rassan agus Adi Abu al- Jamal. Tá an t- ionsaí atá ina cuid de shraith ionsaithe is frithionsaithe a rinne Iosraelaigh agus Palaistínigh. Le taobh as bhfeirge faoi na hionsaithe a rinneadh orthu tá Palaistínigh le daoraí cionn is go bhfuil áitritheoirí Iosraelacha ag ceannacht tithe agus ag tógáiol tithe i gceantracha Palaistíneacha agus an rialtas Iosraelach ag cur dlús le tógáil lonnaíochtaí sa chathair. Bhí ardteannas ann faoi stádas na n-ionad naofa sa chathair agus Iosraelaigh ag iarraidh ceart adhartha ag áiteanna nár ceadaíodh a macasamhail roimhe seo. Mhol Hamas is Islamic Jihad ionsaí an lae inniu. Dar leo ur díoltas é as bás tiománaí bus Palaistíneach a fuarthas marbh agus é crochta ar bhus Iosraelach inné. Dar le Palaistínigh gur linseáladh é. Deir péas Iosrael gur chuir sé lámh ina bhás féin. Cháin Mahmoud Abbas, Uachtarán ar an Údarás Palaistíneach, cháin sé ionsaí an lae inniu agus dúirt nár cheart go ndéanfaí tairgaid de sibhialtaigh faoi chúinsí ar bith.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-28 23:17:23

Admin/login Comments RSS

ILBF