Ceathrar, gunnadóir san áireamh, marbh in eachtra ag Fort Hood Texas

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Maraíodh ceathrar duine agus gortaíodh seisear déag nuair a thosaigh saighdiúir ag scaoileadh ar dhaoine taobh istigh de bheairic ollmhór Fort Hood in Texas. Meastar gur saighdiúir a raibh fadhanna ‘meabharghalair’ aige a bhí freagrach as an scaoileadh agus gur úsáidigh sé gunna ar cheannaigh sé é taobh amuigh den bheairic. Bhí dúlagar ag cur as don saighdiúir, a tháinig ar ais ón Iaráic in 2011, agus bhí saineolaithe ag meas an raibh an galar neamhord struis iarthrámaigh ag cur as dó. Ach luath maidin inniu thosaigh sé ag scaoileadh ar dhaoine agus lean leis go dtí gur éirigh le péas mhíleata teacht a fhad leis. Ag an am sin chuir sé lámh ina bhás féin. In 2009 mharaigh síceatraí ag Fort Hood triúr déag. Tá an saighdiúir sin, an Maor Nidal Hasan, faoi phionós an bháis i bpríosún i Meiriceá i láthair na huaire. Mhaígh seisean gur polasaithe Mheiriceá san Afganastáin a spreag é chun sléacht a dhéanamh.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-27 13:33:46

Admin/login Comments RSS

ILBF