Ceannaire Hizbollah marbh i ndiaidh luíocháin i mBeirut

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Dar le Hizbollah gurb iad Iosrael a bhí freagrach as marú an duine a maítear a bheith i gceannas ar sholáthar is forbairt arm don eagraíocht. Scaoileadh Hassan al Laqis marbh nuair a d’fhill sé ar an bhaile in aice le Beirut aréir. Dar le Hizbollah go raibh a shaol fásta ar fad caite ag Laqis, a bhí sna daichidí, ag troid i gcoinne Iosrael agus gur ceannaire é san eagras. Ach níor thug siad aon eolas faoin ról a bhí aige ann. Ar na mallaibh d’ionsaigh Iosrael taiscí airm san Siria agus thug le fios go raibh diúracáin ann a bhí á gcur ar fáil do Hizbollah. Agus chuir rialtas na hIaráine i leith Iosrael gurb iad a bhí freagach as marú roinnt eolaithe in Tehran, eolaithe a raibh ról acu i bhforbairt cumas niúcleach na hIaráine. Roinnt blianta ó shin mharaigh daoine gan aithint, ach a maítear a bheith ina ngníomhaithe ag Mossad, mharaigh siad gníomhaí de chuid Hamas in ostán in Dubai.  Bhain siad úsáid as pásanna de chuid na hÉireann chun go ndéanfadh siad an dúnmharú sin.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 12:18:27

Admin/login Comments RSS

ILBF