Ceangal idir beirt dheartháir Kouachi agus an fear a mharaigh banphéas inné – tuairisc

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Dar leis nuachtán Francach le Monde go bhfuil foinsí cóngarach do phéas na Fraince ag maíomh go bhfuil gaol idir marú banphéas i ndeisceart Pháras inné agus sléacht na Céadaoine ag oifigí Charlie Hebdo. De réir na bhfoinsí go bhfuil an fear a mharaigh an banphéas i Montrouge, dar leo, iontach mór leis an bheirt dheartháir Kouachi. Mar aon le bheith ag iarraidh teacht ar na deartháracha tá na péas ar dianthóir an fhir seo, go háirithe i mbruachbhailte Pháras .

Maidir leis bheirt dheartháir Kouachi agus é ag freagairt ceisteanna ar maidin ó iriseoirí de chuid Charlie Hebdo dúirt Manuel Valls, Príomh Aire na Fraince, “les deux assassins sont dans la souricière” – ‘tá an bheirt mharfóir sa ghaiste anois.’

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-22 15:57:57

Admin/login Comments RSS

ILBF