Ceadaíonn Parlimint na Rúise do Putin saighdiúirí a chur chuig an Úcráin

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá an ghearchéim san Úcráin I ndiaidh dul I dtreis agus Parlimint na Rúise tar éis ceadú don Uachtarán Putin saighdiúirí a chur chuig an Úcráin. Mhol duine de na ceannairí orthu sin a d’éirigh amach I gcoinne an rialtais, Vitali Klitschko, mhol sé d’arm na hÚcráine a gcuid saighdiúirí cúltaca agus eile a chur ar dhualgas mar fhreagra ar an bhagairt  ón Rúis. Cheadaigh Teach Uachtar Pharlimint na Rúise d’iarratas ón Uachtarán Putin tráthnóna inniu. Ní gá cead a lorg ón Teach íochtar , an Duma, chun saighdiúirí a úsáid taobh amuigh den tír. Tá buairt ann go mbeidh caismirtí, go háirithe san Chrimn idir saighdiúirí na Rúise agus saighdiúirí na hÚcráine. Chuir Barack Obama, Angela Merkel, agus ceannairí polaitiúla eile san Iarthar in iúl go bhfuil siad iontach buartha faoin chasadh is úire seo I gcúrsaí na hÚcráine.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 08:14:42

Admin/login Comments RSS

ILBF