Cá mhéad gialla eile ón Iarthar atá ag an SI?

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Ní léir cá mhéad gialla ón Iarthar atá ag an Stát Ioslamach agus anois le dúnmharú Peter Kassig tá duine eile acu ar lár. Ach meastar go bhfuil suas le dáréag ann, agus gur mharaigh siad cúigear acu cheana féin. Tá na céadta, murab é na mílte gialla Siriacha, Iaracacha agus eile acu lena chois. Bhí leisc ar rialtais áirithe san Iarthar, Meiriceá agus an Bhreatain go háirithe, labhairt faoin líon saoránach dá gcuid atá á gcoinneáil ina ngialla ag an SI agus d’iarr siad ar na meáin agus go fiú ar ghaolta na ngialla gan caint go poiblí fúthu go dtí nach féidir gan a dhéanamh amhlaidh. Ach is léir go bhfuil an Stát Ioslámach ag úsáid na ngialla ón Iarthar ar shlíte éagsúla; mar bhealach chun cur in iúl nach bhfuil ag éirí le aer ruathair an Iarthair, agus mar bhealach chun earcaithe nua a mhealladh. Is eol gur cheannaigh an Stát Ioslamach roinnt gialla ón Iarthar ó ghrúpaí éagsúla agus go bhfuair siad gialla eile ó ghrúpaí a d’athraigh dílseachta agus a chuaigh leis an SI. I rith an ama tá fórsaí míleata an Iarthair ag iarraidh teacht ar aon eolas a chuideodh leo agus iad ag iarraidh dul i dtarrtháil na ngialla ach go dtí seo ní raibh aon toradh ar an iarracht agus theip ar iarracht tarrthála amháin i mí Iúil.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 18:16:28

Admin/login Comments RSS

ILBF