Buille do na Sóisialaigh, casadh i dtreo na heite deise sa Fhrainc

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

B’iad an UMP, páirtí an iarcheannaire Nicolas Sarkozy, na buaiteoirí móra i dtoghchán municipale na Fraince.

D’éirigh leo lear mór bailte a bhaint ar ais ó na Sóisialaigh. San iomlán meastar go bhfuil na Sóisialaigh chun smacht a chailleadh i mbreis agus 155 baile os cionn daonra 10,000.

Tá tuairimíocht ann go bhfuil an tUasal Sarkozy ag smaoineamh ar dhúshlán a thabhairt do cheannasaíocht an UMP amach anseo agus go gcuirfidh an bua seo lena dhíograis chun tabhairt faoi go luath.

Cé gur shaothraigh an Front National go maith agus gur éirigh leo baile mór amháin , Beziers, agus trí bhaile déag eile os cionn 10,000 a bhaint ní raibh a mbua chomh mór is a bhí dréim leis.

Ba é an bua is mó ag an FN ná an 7ú Arrondissement i Marseilles, áit a bhfuil daonra 150,000 duine agus ar ndóigh stádas ar leith leis an bhua sin nó is í Marseilles an dara cathair is mó sa Fhrainc.

Ach tá an FN iontach muiníneach go ndéanfaidh siad go fíormhaith i dtoghchán na hEorpa i mí Bealtaine agus feiceann siad an toghchán seo mar chéim sa treo ceart chuige sin.

Léirigh na torthaí ar na toghcháin seo oiread de mhíshásamh is atá ar an phobal faoin dóigh ar chlis ar Francois Holland ná ar a pháirtí an líon daoine gan obair a laghdú nó biseach a chur ar chúrsaí eacnamaíochta. Is nós sa Fhrainc gurb é an Príomh Aire seachas an tUachtarán a bhíonn thíos lena macasamhail de theip agus tá tuairimíocht ann go gcaillfidh an Príomh Aire Jean-Marc Ayrault a phost nuair a dhéanfaidh an tUachtarán a ChomhAireacht a atheagrú.

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-24 01:23:07

Admin/login Comments RSS

ILBF