Ceannaire Arm Saoirse na Siria gortaithe go dona

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Gortaíodh ceannaire míleata Arm Saoirse na Siria ar maidin nuair a phléasc buama faoina charr nó in aice báire. Tugadh Riad al Assad chuig an ospidéal sa Tuirc i ndiaidh don bhuama pléascadh i gcathair Al – Myadeen. Ní léir cé a bhí freagrach as an ionsaí ach cuirfidh sé le teannas atá ag borradh aníos sa ghluaiseacht ceannairceach sa tír. Ag deireadh na seachtaine d’fhógair Moaz al-Khatib, duine de na daoine is sinsirí i gluaiseacht pholaitiúil lucht éirí amach, d’fhógair sé go bhfuil sé chun éirí as an Comhdháil Náisiúnta. Níor mhínigh sé fáth a imeachta ach tuigtear go bhfuil sé féin agus roinnt mhaith de na trodairí míshásta faoi cheapachán Ghassan Hitto ina Phrímoh Aire do na reigiúin sin den Siria atá faoi cheannas lucht éirí amach. Tá bunús a shaoil caite aige sin i Meiriceá agus Ioslamach aitheanta é, dá rud nach sásaíonn scair de na trodairí is a gceannairí in Siria.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-24 13:13:19

Admin/login Comments RSS

ILBF