Buama, agus buama bréagach i mBaile an Chaistil

nuacht

Bhain saineolaithe arm na Breataine an dochar de bhuama beag a fuarthas ar maidin inniu taobh amuigh de stáisiún an PSNI ar Bhóthar Ramoan i mBaile an Chaistil i dTuaisceart Aontroma. Baineadh úsáid as pléascáin smachtaithe chun an buama a chur ó mhaith. Fuarthas buama bréagach in aice báire, rud a chuir le fad na hoibríochta slándála. Dar leis na péas nach fios dóibh go fóill cé a bhí freagrach as an ionsaí seo.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive