Bua ar leith ag Merkel ach gan tromlach glan

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Thiocfadh dó go n-athródh polasaí na Gearmáine i leith na mballstát den Aontas Eorpach i ndeisceart na hEorpa atá i bponc mar gheall ar toghchán an lae inné sa Ghearmáin. Bhain páirtí Angela Merkel, an CDU, 41.5% den vóta, an céatadán is mó a shaothraigh an páirtí ó 1994 agus toradh a bhain siar de na tráchtairí polaitiúla. Bhí sé faoi chóngar do thromlach glan ach sa deireadh níor tromlach é agus fágann sin go mbeidh ar Angela Merkel dul i mbun cainteanna le páirtithe eile. Chlis ar an pháirtí ab fhearr léi a bheith i gcomhrialtas léi, an FDP, chlis orthu oiread vótaí a bhaint is go mbeadh siad sa Bundestag, rud a fhágann gur mhó seans ná a mhalairt go rachaidh Angela Merkel isteach i gcomhrialtas leis an SPD, páirtí atá ar an eite chlé. Bhí an SPD thíos go mór as a bheith ag glacadh páirte i gcomhrialtas le hAngela Merkel in 2009 agus beidh leisc orthu brostú isteach i gcomhrialtas leis an pháirtí an iarraidh seo. Ach is é an comhrialtas is mó seans agus mar aon le maolú ar pholasaithe an CDU sa Ghearmáin féin bhí an SPD ag moladh go mbeadh pacáiste tacaíochta mhór ann don Ghreig agus do na baillstáit AE eile i ndeisceart na Spáinne atá cnagtha ag an ghéarchéim eacnamaíochta.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 18:11:59

Admin/login Comments RSS

ILBF