Bua 55%-45% ag lucht ‘Níl’

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Bhí an bua agus bua le tosaíocht mhaith ag lucht ‘Níl’ i reifreann Alban. Sa deireadh bhí 2,001,926 vóta,  (55.3%) ,  i gcoinne neamhspleáchais agus 1,617,989 (44.7%) ar a son. Ba mhó an bhearna idir an dá thaobh ná mar a bhí dreim leis agus d’fhág sin cuid mhór de thacaithe ‘Tá’ brúite caite. Ba léir ó thús an chomháirimh go raibh scéal faighte ag lucht ‘Níl’ go raibh an bua acu agus bhí gach urlabhraí leo, ar theilifís nó ar raidió, ag maíomh go muiníneach go raibh siad ag dreim leis an bhua a fháil. Bhí tromlach ag lucht ‘Níl’ in achan cheann den 32 comháireamh ach amháin i nGlaschú, áit a raibh tromlach ag lucht ‘Níl.’ Agus an toradh istigh dúirt Alistar Darling gur roghnaigh pobal Albain aontas seachas easaontas, agus go raibh an ‘tromlach ciúin’ i ndiaidh labhairt amach. Dúirt David Cameron go gcuireann an toradh seo a luí go gceann glúine, nó b’fhéidir níos faide fós,  ceist neamhspleáchas Albain. Ach dúirt Alex Salmond gur léir nach bhfuil tromlach ar son an neamhspleáchais, ag an phointe seo,  rud a thugann le fios go mbeidh an cheist chun tosaigh arís amach anseo. Mhol sé dá lucht tacaíochta mearbhú ní ar an bheagán a bhí in easnamh ag an deireadh le go mbainfeadh siad ach ar an oiread dul chun cinn is atá déanta acu i dtréimhse ghairid.

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-29 16:14:33

Admin/login Comments RSS

ILBF