Brón ar FARC as marú beirt bhundúchasach

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir an grúpa FARC go bhfuil brón orthu gur mharaigh trodairí dá gcuid beirt cheannaire ar an phobal dúchasach Nasa ar 5 Samhain. Inné ag triail, a reáchtáil na bundúchasaigh iad féin cionn is go bhfuil féinriail acu, ghearr an chúirt príosúnacht trí scór bliain ar roinnt acu sin a mharaigh an bheirt. Maraíodh iad nuair a stroic siad anuas postaeir a laochraigh iarcheannaire an FARC, Alfonso Cano, a maraíodh in ionsaí rialtais. Dar le FARC gur maraíodh na bundúchasaigh nuair a thug siad faoi na trodairí FARC, rud atá ag teacht salacadh le leagan na mbundúchasach dár tharla.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-22 04:35:07

Admin/login Comments RSS

ILBF