Briatharchath idir lucht Assad, lucht éirí amach, ag Ginéiv 11

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

D’iarr Bahn Ki Moon ar gach taobh a bheith dearfach agus measartha ina gcaint ach a mhalairt a tharla sa luathphlé idir lucht Bashar Al Assad agus lucht éirí amach ag na cainteanna faoin Siria sa Ghinéiv inniu. Agus é ag caint leis an chomhdháil dúirt Aire Gnóthaí Eachtracha na Siria, Walid Mualle, go bhfuil a rialtas i mbun cogaidh le grúpaí sceimhle. Agus ag tagairt do chaint a rinne John Kerry, Aire Stáit Mheiriceá, ar maidin inniu nuair a mhaígh sé nach dtiocfadh le Bashar al Assad, ról a imirt go fiú i rialtas eatramhach, mhaígh an tUasal Mualle gur faoi phobal na Siria amháin atá sé socrú ar cén ról a bheadh nó nach mbeadh ag Bashar al Assad. Dúirt ceannaire lucht éirí amach (nó an chuid acu atá ann nó níor chuir go leor de na grúpaí atá ag troid i gcoinne an rialtais ionadaí chuig na cainteanna) dúirt Ahmad Jarba go bhfuil na coireanna atá an rialtas ag imirt ar phobal na Siria inchurtha lena raibh ar siúil ag na Naitsithe. Mhaígh sé nach dtiocfadh leo glacadh le haon ról a bheidh feasta ag an Uachtarán Assad. Beidh faill ag an bheirt seo mar aon le 40 Aire Gnóthaí Eachtracha a dtuairim a chur i láthair na gcainteanna inniu ach is Dé hAoine a thosóidh na cainteanna i gceart agus go mbuailfidh an dá thaobh sa chogadh le chéile go hoifigiúil den chéad uair. Meastar gur os cionn 120,000 duine a maraíodh i gcogadh na Siria go dtí seo, agus gur sibhialtaigh a mbunús siúd.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-22 00:20:23

Admin/login Comments RSS

ILBF