Breis is 50 marbh in ionsaithe ag lucht éirí amach in Siria

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Meastar gur maraíodh corradh is 50 duine i sraith d’ionsaithe ar cheantracha atá faoi smacht rialtas Bashar al Assad. Maraíodh 36 duine ar a laghad meastar nuair a phléasc carrbhuama i gceantar Alawite i gcathair Homs. Tá cuid mhór den chathair faoi smacht saighdiúirí an rialtais ach bíonn carrbhuamaí á bpléascadh ann go rialta agus an tuairim ann gur grúpa den lucht éirí amach atá cóngarach do Al Qaeda a bhí freagrach astu. Agus tá lucht éirí amach ag déanamh ionsaí rialta, le mortaeir, ar an Damáisc. Tá siad teoranta cuid mhór go bruachbhailte áirithe sa chathair agus inniu scaoileadh ceithre mhortaer a scaoileadh ó bhruachbhaile gur phléasc siad in aice le scoil i gceantar Shaghour. Maraíodh ceathrar duine déag.

Inné tugadh le fios go bhfuil saighdiúirí rialtas na Siria i ndiaidh 86 buama bairile a úsáid in ionsaithe ar chathair Aleppo le dhá mhí anuas nó mar sin. Maraíodh na céadta sa sléacht a tharla nuair a phléasc na buamaí.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-28 23:08:56

Admin/login Comments RSS

ILBF