Boko Haram ag iarraidh malartú ‘cimí’

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir Boko Haram go mbeadh siad sásta na cailíní scoile a d’fhuadaigh siad a thabhairt ar ais mar chuid de mhalartú. Tá siad ag iarraidh go saorófaí cimí dá gcuid. Tuigtear go bhfuil na cailíní briste ina ngrúpaí beaga anois agus á gcoinneáil i gceantracha éagsúla, rud a chuirfeadh leis na deachtrachtaí roimh aon oibríocht tarrthála. Ach dar le tuairiscithe ó oirthuaisceart na Nigéire nach bhfuil siad tugtha thar teorainn faoi mar a bhí luaite i roinnt tuairiscithe le déanaí.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-18 22:13:47

Admin/login Comments RSS

ILBF